Téarmaí agus Coinníollacha Chomórtas ‘Fheachtas Frithbhulaíochta #Up2Us’ Webwise / Bí Aireach faoi do Spás (“Comórtas”)
Nuair a chuireann tú isteach ar an gComórtas aontaíonn tusa (an “tIomaitheoir”) a bheith faoi cheangal ag na téarmaí agus coinníollacha seo. Is cuid de na téarmaí agus coinníollacha sin aon fhaisnéis nó aon treoracha a chuirtear ar Leathanach Comórtais Bí Aireach faoi do Spás chun Duaiseanna a Bhuachan (http://www.watchyourspace.ie/winprizes) (“Leathanach an Chomórtais”). Ní fhaigheann an Comórtas seo, atá á chur ar bun i bpáirt trí ardáin líonraithe shóisialta aon urraíocht ná aon tacaíocht ar aon bhealach ó aon chuideachta líonraithe shóisialta ná ní eagraíonn siad é. Ní úsáidfear an fhaisnéis a chuirfidh tú ar fáil ach amháin ar mhaithe leis an gComórtas a reáchtáil. Tá tú ag tabhairt do chuid faisnéise do Webwise, SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas.
A. Tréimhse an Chomórtais Ritheann tréimhse an Chomórtais ó 00:00:00 (GMT) an 11/02/2014 go dtí 23:59:59 (GMT) an 30/04/2014 (“Tréimhse an Chomórtais”).
B. Incháilitheacht 1. Tá dhá chatagóir iontrálaithe in ann cur isteach ar an gComórtas: (1) daoine aonair (“Iontrálaithe Aonair“), agus (2) grúpaí (“Iontrálaithe Grúpa“). Maidir le hIontrálaithe Aonair, tá an Comórtas oscailte do dhaoine a chónaíonn go dlíthiúil i bPoblacht na hÉireann agus atá idir dhá bhliain déag (12) d’aois agus naoi mbliana déag (19) d’aois nuair a chuireann siad isteach ar an gcomórtas agus dóibh siúd amháin. Maidir le hIontrálaithe Grúpa, níl an Comórtas oscailte ach do ghrúpaí daoine óga idir dhá bhliain déag (12) d’aois agus naoi mbliana déag (19) d’aois atá ina gcónaí go dlíthiúil i bPoblacht na hÉireann. I measc na ngrúpaí tá grúpaí as ranganna scoile, chomh maith le grúpaí óige a bhíonn ar siúl lasmuigh den scoil. Ní mór d’Iontrálaithe Aonair Incháilithe a chónaíonn go dlíthiúil i bPoblacht na hÉireann tráth na hiontrála agus atá faoi ocht mbliana déag (18) d’aois (“Mionaoiseach”), cead a fháil óna dtuismitheoir nó óna gcaomhnóir dleathach chun a bheith rannpháirteach sa Chomórtas. Is próiseas uathoibrithe é sin arna éascú trí shuíomh Gréasáin an chomórtais nuair a chláraítear. Tá urraitheoirí agus a gcuid tuismitheoirí faoi seach, a bhfochuideachtaí, cleamhnaithe, dáileoirí, miondíoltóirí, ionadaithe díolachán, gníomhaireachtaí fógraíochta agus promóisin agus gach oifigeach, stiúrthóirí agus fostaithe dá gcuid faoi seach (le chéile na “hAonáin Phromóisin“), agus baill a neasteaghlaigh faoi seach agus/nó iad sin atá ag cur fúthu sa teach céanna le gach duine acu neamh-incháilithe ó chur isteach ar an gComórtas nó duais a bhuachan.
C. Conas Iarratas a Dhéanamh 1. Níl aon táille i gceist le cur isteach ar an gComórtas seo. Ní mór duit rochtain a bheith agat ar an idirlíon toisc nach féidir iarratas a dhéanamh ar an gComórtas ach ar líne amháin.
2. D’fhonn cur isteach ar an gcomórtas ba cheart d’Iontrálaithe Aonair agus d’Iontrálaithe Grúpa dul chuig an rannán Duaiseanna le Buachan de shuíomh Gréasáin Bí Aireach faoi do Spás agus an fhoirm iontrála a líonadh isteach, agus na treoracha ar líne a leanúint maidir le hiontrálacha a uaslódáil agus a chur isteach. Ba cheart d’iontrálaithe a gcuid iontrálacha a phostáil freisin ar leathanach Facebook Bí Aireach faoi do Spás nó ar fhotha Twitter Bí Aireach faoi do Spás.
3. Le bheith incháilithe, ní mór d’iontrálaithe #Up2Us a chlibeáil agus ID an Chuntais Bí Aireach faoi do Spás (@WatchYourSpace) a lua san fhoscríbhinn.
4. Le bheith incháilithe, ní mór d’Iomaitheoirí is maith a thabhairt do Chuntas Facebook Bí Aireach faoi do Spás nuair a chuireann siad isteach ar an gComórtas d’fhonn an Comórtas a bhuachan.
5. Nuair a bheidh sé curtha isteach, measfar gur Iontráil Iomaitheora iad an fhaisnéis agus an comhad uaslódáilte a chuirtear ar fáil.
6. Ní mór físeáin a uaslódáil i gceann de na formáidí comhaid seo a leanas: MP4, MOV, agus WMV. Ní mór grianghraif agus póstaeir a uaslódáil i gceann de na formáidí comhaid seo a leanas: PDF, JPG, JPEG, PNG, GIF.
D. Conas buachan 1. Gach ceithre lá dhéag (14), roghnófar buaiteoir amháin (1) as na hiontrálacha a chuireann Iontrálaithe Aonair isteach agus a chomhlíonann na critéir.
2. Roghnófar cúigear (5) buaiteoirí ar a laghad as na hIontrálaithe Aonair faoin 30/04/2014.
3. Roghnófar buaiteoirí duaise as Iontrálaithe Aonair trí chrannchur a bheidh ar bun gach coicís. Beidh gach cinneadh críochnaitheach agus ceangailteacht agus ní bheidh siad faoi réir dúshláin ná achomhairc ar chinntí incháilitheachta agus gach ábhar eile a bhaineann leis an gComórtas seo.
3. Tar éis spriocdháta an Chomórtais, is é sin an 30/4/2014, a bheith caite, déanfaidh ionadaithe na nAonán Phromóisin (na “Moltóirí“) athbhreithniú ar na hIarratais a chuir Iontrálaithe Grúpa isteach agus roghnófar iarratas buacach amháin don Mhórdhuais as na hIontrálaithe Grúpa go léir a bhí incháilithe. Féadfar tuilleadh duaiseanna a bhronnadh faoi rogha na Moltóirí.
4. Déanfar moltóireacht ar Iontrálaithe Grúpa de réir na gcritéar moltóireachta seo a leanas: a) cruthaitheacht (stíl, seachadadh na teachtaireachta, cur i bhfeidhm, etc.); b) oiriúnacht (ábhartha etc.); agus c) éifeachtacht (soiléire na teachtaireachta, mar a théann sí i gcion ort, an seans atá ann go mbeidh tionchar aici ort go ceann i bhfad, etc.).
5. Tabharfaidh an tUrraitheoir scéala do bhuaiteoirí an Chomórtais Grúpa an tseachtain dar tús an 12 Bealtaine 2014 nó mar sin, agus beidh na cinntí críochnaitheach agus ceangailteach agus ní bheidh siad faoi réir dúshláin ná achomhairc ar chinntí incháilitheachta agus gach ábhar eile a bhaineann leis an gComórtas seo. Beidh roghnú na mbuaiteoirí faoi réir dheimhniú an Urraitheora go bhfuil buaiteoirí incháilithe.
E. An Duais 1. Seolfar bandaí rosta agus suaitheantais Bí Aireach faoi do Spás chuig gach Iontrálaí Grúpa.
2. D’fhéadfadh duaiseanna na nIontrálaithe Aonair a bheith difriúil agus fógrófar iad de réir a chéile.
3. Tabharfar amach duaiseanna na nIontrálaithe Aonair de réir a chéile ón tráth a bhfógrófar an chéad bhuaiteoir duaise. Seolfar gach duais chuig Iontrálaithe Aonair faoin 1/05/2014.
4. Is é an duais don Iontrálaí Grúpa a bhuafaidh ná go gcuirfidh an ceoltóir Gavin James, agus roinnt ceoltóirí eile, gig phríobháideach ar siúl don ghrúpa. Beidh an ghig ar siúl ar dháta oiriúnach (i Meán Fómhair 2014) agus in ionad oiriúnach mar a aontóidh Webwise, an grúpa buacach agus lucht bainistíochta na gceoltóirí a bheidh i gceist.
5. Ní mór don ghrúpa buacach socrú a dhéanamh iad féin maidir le haon chostais a bhaineann le hionad/slándáil iomchuí a fháil ar cíos, an ghig a reáchtáil agus árachas a fháil don imeacht agus na costais sin a íoc. Ba cheart don Ghrúpa buacach a chinntiú go ndéanfar dóthain maoirseachta ar an imeacht agus beidh siad freagrach as gach caighdeán sláinte agus sábháilteachta a chomhlíonadh. Cuirfidh Webwise an córas fógartha poiblí agus innealtóir fuaime ar fáil.
6. Bronnfar duaiseanna “MAR ATÁ” gan aon bharántas ná ráthaíocht, a bheidh sainráite nó tugtha le fios nó tairgthe ag Webwise. Níor chóir aon ní atá anseo a fhorléiriú mar fhormhuiniú de chuid Webwise maidir le haon soláthraithe duaise nó tríú páirtí, táirge, nó seirbhís eile.
7. Ní cheadófar aon mhalartú airgid nó eile, ná aon duaiseanna a shannadh nó a aistriú, ach amháin nuair a cheadóidh Webwise sin, agus coimeádann sé an ceart duais nó cuid de dhuais a mhalartú le hairgead tirim nó le duais eile a bhfuil luach inchomparáide nó níos mó ag gabháil leis.
F. Ag Fógairt na mBuaiteoirí 1. Cuirfear buaiteoirí ionchasacha ar an eolas ar an nguthán, trí ríomhphost agus/nó trí ghnáthphost ag úsáid na faisnéise teagmhála a tugadh nuair a cuireadh isteach ar an gcomórtas. Ní bheidh aon dliteanas ar an Urraitheoir maidir le haon fhógra buaiteora a théann amú, a ndéantar idircheapadh air nó nach bhfaigheann an buaiteoir ionchasach ar chúis ar bith. Mura dtugann aon bhuaiteoir ionchasach freagra taobh istigh den am a iarrann an tUrraitheoir, nó má chuirtear fógra buaiteora ar ais mar cheann nár éilíodh nó nár seachadadh ar bhuaiteoir ionchasach, forghéillfidh an buaiteoir ionchasach sin a dhuais/a duais agus féadfar buaiteoir eile a roghnú bunaithe ar thorthaí na gcritéar moltóireachta a luadh roimhe seo. Má fhaightear amach go bhfuil aon bhuaiteoir ionchasach neamh-incháilithe, nó murar chomhlíon sé/sí na Rialacha Oifigiúla seo nó má dhiúltaigh sé/sí an duais ar aon chúis, dícháileofar buaiteoir ionchasach den sórt sin agus féadfar an duais a bhronnadh ar bhuaiteoir eile bunaithe ar thorthaí na gcritéar moltóireachta a luadh roimhe seo.
2. Nuair a bheidh iontrálacha buacacha deimhnithe agus daingnithe fógrófar go poiblí iad ar leathanaigh Facebook agus Twitter Bí Aireach faoi do Spás.
G. Poiblíocht 1. Ach amháin i gcás ina mbíonn cosc air, ciallaíonn rannpháirtíocht sa Chomórtas go bhfuil na buaiteoirí sásta go n-úsáidfidh Webwise ainm agus faisnéis maidir le duais, samhail, grianghraf, guth, tuairimí, faisnéis beathaisnéise, baile dúchais agus contae na mbuaiteoirí díreach ar mhaithe leis an gcomórtas seo a reáchtáil agus sin amháin.
H. Príobháideachas agus Cosaint Sonraí 1. Seachas mar atá leagtha amach sna téarmaí agus coinníollacha seo nó ar mhaithe le feidhmiú an Chomórtais, ní úsáidfear na sonraí agus an fhaisnéis a sholáthar tú nuair a chuir tú isteach ar an gComórtas nó nuair a rinne tú éileamh ar dhuais chun aon chríocha seachas chun buaiteoirí a chur ar an eolas agus d’fhonn duaiseanna a bhaineann leis an gComórtas a bhronnadh, agus ní thabharfar na sonraí ná an fhaisnéis sin d’aon tríú páirtí. 2. Coinneofar faisnéis phearsanta na nIomaitheoirí faoi rún daingean.
I. Uiríll agus Barántais/Slánaíocht 1. Déanann gach Iontrálaí Aonair / Iontrálaí Grúpa a chuireann isteach ar an gComórtas seo uiríoll agus tugann siad barántas mar seo a leanas: (i) is ionann an tIarratas arna chur isteach agus an chéad bhunsaothar, nár foilsíodh roimhe seo, agus nár táirgeadh roimhe seo i gcás Iontrálaithe Aonair agus i gcás Iontrálaithe Grúpa, bunsaothar, nár foilsíodh roimhe seo, agus nár táirgeadh ag an duine (na daoine) a chruthaigh an t-ábhar a cuireadh isteach; (ii) is féidir leis an Iontrálaí gach imréiteach, cead agus eisiúintí iomchuí a chur ar fáil ar mhaithe leis an Iarratas ach iad a iarraidh, lena n-áirítear eisiúintí suímh maidir le gach suíomh aitheanta agus eisiúintí ó gach duine aonair aitheanta a bhíonn le feiceáil in aon iontrálacha físe; (iii) níl aon víreas ríomhaire san Iarratas, níl sé truaillithe ar aon bhealach eile, is é bunchóip iomlán an iontrálaí é, agus amhail an dáta a chuirtear isteach é, níl sé faoi réir aon dlíthíocht ná éileamh iarbhír nó atá á b(h)agairt; (iv) ní sháraíonn agus ní sháróidh an tIarratas cearta maoine intleachtúla ná aon chearta eile a bheidh ag aon duine nó aonán; agus (v) ní sháraíonn agus ní sháróidh an tIarratas aon dlíthe infheidhme, agus níl sé agus ní bheidh sé clúmhillteach ná leabhlach. Comhaontaíonn gach iontrálaí (nó, más Mionaoiseach é an t-iontrálaí sin, tuismitheoir nó caomhnóir dleathach an Mhionaoisigh sin) leis seo (a) gan freagracht a chur ar na hAonáin Phromóisin as, agus (b) na hAonáin Phromóisin a chúiteamh maidir le, haon éilimh, caingne nó imeachtaí d’aon chineál agus iad go léir ó thríú páirtithe, agus aon chineál damáistí, dliteanais, costais agus speansais agus iad go léir, a bhaineann le haon sárú nó sárú líomhnaithe ar aon cheann de na barántais, uiríll nó comhaontuithe a dhéanfaidh an t-iontrálaí faoi seo nó a thiocfaidh chun cinn dá dtoradh sin.
J. Deonú Ceart: 1. Deonóidh gach iontrálaí sa Chomórtas (nó, más Mionaoiseach é an t-iontrálaí sin, tuismitheoir nó caomhnóir dleathach an Mhionaoisigh sin) don Urraitheoir, agus a ainmnithe faoi seach, ceart neamh-eisiach, domhanda, buan, saor ó dhleacht, is féidir a fho-cheadúnú úsáid a bhaint as an Iarratas agus maoin (fhisiciúil agus phearsanta agus comharthaíochta) aon duine nó aon aonán eile atá sa mhaoin sin, in aon mheán anois nó atá ar eolas anseo ina dhiaidh seo, gan aon íocaíocht ná aon chomaoin eile d’aon chineál, ná cead ná fógra, a thabhairt duitse nó d’aon tríú páirtí eile. Coimeádann an tUrraitheoir gach ceart, ar bhonn neamh-eisiach, lena n-áirítear gan teorainn, an ceart maidir le hatáirgeadh, taifeadadh, athrú, leasú, eagarthóireacht, foilsiú, feidhmiú poiblí, úsáid, craoladh agus sruthú an Iarratais a bhaineann le haon mheán agus an uile mheán anois nó atá ar eolas ina dhiaidh seo ar fud an domhain, in aon mheán nó i ngach meán, anois nó arb eol é ina dhiaidh seo, go buan, gan aon chomaoin bhreise. Gan teorainn a chur leis an méid roimhe seo, beidh sé de cheart ag an Urraitheoir, ach ní bheidh sé mar dhualgas air, an tIarratas a úsáid in aon mharsantú, fógraíocht, margaíocht, promóisean nó chun aon chríoch tráchtála nó neamhthráchtála eile, lena n-áirítear, gan teorainn, promóisean agus/nó margaíocht an Urraitheora. Déanfaidh Iontrálaithe Aonair (nó, más Mionaoiseach é an t-iontrálaí sin, tuismitheoir nó caomhnóir dleathach an Mhionaoisigh sin) tarscaoileadh go deo agus scarfaidh siad le gach “ceart morálta” (droit moral) mar a thugtar air a aithnítear anois nó ina dhiaidh seo agus tabharfaidh Iontrálaithe Grúpa baránta go bhfuil tarscaoileadh cearta den sórt sin slánaithe acu ó údair a gcuid Iarratais.
K. Coinníollacha Ginearálta 1. Ní mór d’iomaitheoirí seoladh ríomhphoist bailí a bheith acu nuair a chuireann siad isteach ar an gcomórtas. 2. Nuair a chuireann tú isteach ar an gComórtas seo, aontaíonn tú leis na Téarmaí agus Coinníollacha atá críochnaitheach agus ceangailteach ar gach bealach a bhaineann leis an gComórtas. 3. Coimeádann Webwise an ceart an Comórtas nó na téarmaí agus coinníollacha iontrála a athrú, a leasú, a fhoriamh nó a tharraingt siar faoina rogha féin ag aon am agus gan fógra a thabhairt roimh ré. 4. Coimeádann Webwise an ceart dícháiliú a dhéanamh, faoina rogha féin, ar aon iomaitheoirí a mheasfar (a) a bheith ag cur isteach nó ag déanamh iarrachta cur isteach ar an bpróiseas iontrála nó ar fheidhmiú an Chomórtais nó aon suíomh Gréasáin de chuid chomhpháirtithe Webwise; (b) a bheith ag sárú na dTéarmaí agus na gCoinníollacha seo; (c) a bheith ag gníomhú agus é ar intinn acu cur isteach ar aon duine eile nó iad a mhaslú, bagairt orthu nó iad a chiapadh. 5. Aon iarracht a dhéanann aon duine damáiste d’aon turas a dhéanamh d’aon suíomh Gréasáin nó an bonn a bhaint d’fheidhmiú dleathach an Chomórtais beidh sé ina shárú ar an dlí coiriúil agus sibhialta, agus, i gcás ina ndéantar iarracht den sórt sin, coimeádann Webwise de cheart damáistí a lorg ó dhuine den sórt sin chomh fada is a cheadaítear leis an dlí. Má theipeann ar Webwise aon téarma de na Téarmaí agus Coinníollacha seo a fhorfheidhmiú ní chuimseofar leis sin tarscaoileadh na forála sin. 6. D’fhéadfadh iarmhairtí cánach a bheith ag rannpháirtíocht ó thaobh sochair a fháil ón gComórtas. I gcás go mbeadh dliteanas cánach i gceist as rannpháirtíocht sa chomórtas nó mar gheall ar dhuais a fháil, nó costais nó speansais a bhaineann le rannpháirtíocht sa chomórtas nó ar aon chúiseanna eile, is é an rannpháirtí a bheidh freagrach go huile agus go hiomlán as cánacha agus/nó speansais den sórt sin. 7. Tá an Comórtas seo á rialú ag dlí Phoblacht na hÉireann. 8. Má roghnaítear tusa mar dhuine de na buaiteoirí, níl aon chead agat Leathanach Lucht Leanúna Facebook Webwise a úsáid (http://www.facebook.com/watchyourspace) chun teachtaireachtaí a phostáil ar mhaithe le poiblíocht a dhéanamh ar aon cheann de na duaiseanna agus é a dhíol arís. Má dhéanann tú é sin, cuirfear bac ort ó pháirt a ghlacadh in aon Chomórtais a bheidh ag Webwise amach anseo. 9. Má tharlaíonn sé ar chúis ar bith nach féidir an Comórtas a reáchtáil mar a bhí pleanáilte, lena n-áirítear gan teorainn, mar gheall ar ionfhabhtú de bharr víreas ríomhaire, fabhtanna, méirínteacht, idirghabháil neamhúdaraithe, calaois, teipeanna teicniúla, nó aon chúiseanna eile lena dtruaillítear nó lena gcuirtear isteach ar riar, slándáil, cothroime, ionracas, nó reáchtáil cheart an chomórtais, coimeádann Webwise de cheart, faoina rogha féin, an comórtas a chur ar ceal, moill a chur air, é a mhionathrú, nó a fhoirceannadh gan aon fhógra a thabhairt roimh ré. 10. Ní ghlacann Webwise, a ghníomhairí, ná a fhochonraitheoirí aon fhreagracht as aon teip theicniúil nó mífheidhmiú nó aon fhadhb eile le haon chóras, freastalaí, soláthraí líonraithe ar líne nó aon rud eile a d’fhágfadh nach ndéanfaí taifeadadh nó uaslódáil i gceart ar aon inneachar nó ar aon iontráil sa chomórtas. 11. Ní bheidh Webwise dlite as aon ní a chuirfidh isteach ar an gcomórtas, cibé mar gheall ar fhadhbanna teicniúla nó eile, nach féidir a smachtú go réasúnta. I gcás ina gcuirtear isteach ar an gcomórtas, déanfaidh Samsung gach iarracht réasúnach leis an gcur isteach a réiteach agus cuirfear an comórtas ar bun arís ar bhealach a bheith cothrom agus cóir do na hiomaitheoirí. 12. Tá cinneadh Webwise críochnaitheach agus ní dhéanfaidh Webwise aon chomhfhreagras maidir leis na torthaí. Ní ghlacann Webwise aon fhreagracht as iontrálacha a théann amú, a mhíthreoraítear, atá doléite, déanach, loite nó athraithe. Dícháileofar iontrálacha nach gcomhlíonann na téarmaí agus na coinníollacha seo. 13. Nuair a chuireann tú isteach ar an gcomórtas, aontaíonn tú Webwise a fhuascailt ó aon dliteanas ar aon bhealach maidir le haon éilimh, costais, díobhálacha, caillteanais, nó damáistí d’aon chineál a eascróidh as an gcomórtas nó a bhainfidh leis an gcomórtas nó le glacadh, seilbh, freastal, nó úsáid aon duaiseanna. 14. Coimeádann Webwise an ceart na téarmaí agus coinníollacha seo a leasú ag aon tráth. Beidh gach ábhar agus díospóid faoi réir chinneadh deiridh Webwise.
Tionscnóir an Chomórtais: Webwise, SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas





Footer menu